Comhar Naíonraí na Gaeltachta
Céard a dhéanann CNNG?
Fís
Cúlra?
Cad is naíonra ann?
Cad is seirbhís cúram leanaí ann?
Seirbhísí
Saibhreas is sealbhú na Gaeilge
Buntáiste an dátheangachais
Gníomhaíochta is acmhainní
Ról an tuismitheora
Polasaithe agus Nósanna Imeachta CNNG
Céard a dhéanann CNNG?
Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathbhlianta a chur ar fáil as Gaeilge, sa Ghaeltacht, agus cuireann sé seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí sin.Fís
Deis a thabhairt do gach páiste sa Ghaeltacht freastal ar sheirbhís luathbhlianta den scoth trí mheán na Gaeilge.Cúlra
Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta an tseirbhís aitheanta náisiúnta a chuireann seirbhísí luathbhlianta ar fáil ar fud na Gaeltachta. Tá os cionn 100 seirbhís luathbhlianta faoi stiúir Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus tá oifigí ag an gcuideachta i ngach mórcheantar Gaeltachta.Bord Stiúrthóirí
Feidhmíonn Comhar Naíonraí na Gaeltachta faoi scáth Bord Stiúrtha le hionadaithe tofa ó na réigiúin Ghaeltachta éagsúla chomh maith le hionadaithe ainmnithe. Seo iad na Stiúrthóirí reatha:Seán Ó Cuireáin (Uladh) – Cathaoirleach an Bhord
Áine Ní Fhlatharta (Connacht/Laighean)
Bláithín Ní Ainín (Mumhan)
Colm Ó Coisdealbha (Údarás)
Ray Mac Pháidín (Stiúrthóir Bainistíochta CNNG)
Foireann Chomhar Naíonraí na Gaeltachta
Tá Stiúrthóir Bainistíochta, Oifigeach Acmhainní Daonna agus Airgeadais, Oifigeach Cúnta, Oifigigh Forbartha agus Riarthóir Airgeadais lonnaithe in oifigí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe. Tá triúr Oifigeach Forbartha eile lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta eile.
Stiúrthóir Bainistíochta: Ray Mac Pháidín
Riarthóir Airgeadais: Caitlín Uí Mhocháin
Oifigeach Cúnta: Caroline Ní Chualáin
Oifigeach Cúnta (Dún na nGall): Grace Uí Dhomhnaill
Oifigeach Cúnta (Connacht): Joanne Uí Loingsigh
Oifigigh Forbartha |
||||
![]() |
![]() |
![]() |
||
Mairéad
|
Joanne
|
Pattie Stundún
|
Suzanne Nic Géidí
|
|
|
Cad is naíonra ann?
Is áis luathoideachais é an naíonra a chuireann forbairt fhisiceach, intleachtúil, mhothúchánach, chruthaitheach agus shóisialta an pháiste chun cinn. Déantar é seo trí mheán an spraoi agus na Gaeilge i dtimpeallacht atá sábháilte, sláintiúil, spreagúil, fáilteach, sonasach agus tacúil. Tagann páistí le chéile sa naíonra, faoi chúram Múinteora, cúig lá sa tseachtain ar feadh trí huaire a’ chloig gach lá.Cad is seirbhís cúram leanaí ann?
Is áis í seo a chuireann seirbhís cúraim iomlán ar fáil do pháistí ó 3 mhí d’aois suas go 14 bliana d’aois lena n-áirítear seirbhís lánaimseartha, seirbhís pháirtaimseartha, seirbhís réamhscoile agus cúram iarscoile. Go hiondúil bíonn na seirbhísí ar fad ag feidhmiú in aon ionad amháin. Tugann muid tacaíocht do ghrúpaí cosúil le grúpaí spraoi agus grúpaí tuismitheoirí agus páistí chomh maith.Seirbhísí
Seo a leanas liosta de na seirbhísí a chuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta ar fáil. Má tá breis eolais uait maidir leis na seirbhísí seo, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag an leathanach teagmhála.
1. Seirbhís Luathbhlianta ar ardchaighdeán a chur ar fáil
2. Seirbhís thacaíochta a chur ar fáil do thuismitheoirí/chaomhnóirí, coistí agus fostaithe na seirbhísí
3. Grúpscéim Árachais
4. Creatchuraclam “Aistear” agus “Síolta” agus an clár gníomhaíochta “Loinnir”
5. Lámhleabhar Polasaithe agus Nósanna Imeachta
6. Lámhleabhar Foirmeacha
7. Cúrsaí/laethanta inseirbhíse
8. Cúrsaí éigeantach don réimse m.sh., Cosaint Leanaí, Garchabhair, Sábháilteacht Dóiteáin
9. Fostaíocht a chur ar fáil sna seirbhísí Gaeltachta
10. Ionad Bréagán i ngach Réigiún
11. Seirbhís oiliúna ar an talamh
12. Deontais a tharraingt anuas do na seirbhísí
13. An Scéim 'Nasc Leis an mBunscoil'
14. An Scéim Pleanála Teanga 'Borradh'
15. Lámhleabhair Tuismitheoirí
16. Tacaíochtaí Teanga do sheirbhísí
Ar Ais go dtí an Barr
Saibhriú is sealbhú na Gaeilge
Feidhmíonn seirbhísí CNNG ar fad trí mheán na Gaeilge. Labhraítear Gaeilge i gcónaí - leis na páistí, le tuismitheoirí agus i measc na n-oibrithe. Úsáidtear an Clár Oibre Loinnir chomh maith le Síolta agus Aistear agus an scéim pleanála teanga Borradh le forbairt iomlán a dhéanamh ar na páistí, forbairt teanga san áireamh. Tá clár oibre na seirbhísí leagtha amach chun freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí maidir le saibhriú agus sealbhú na Gaeilge agus chun úsáid nádúrtha na Gaeilge a chothú agus a bhuanú i measc na bpáistí. Cuirtear béim láidir ar chanúint an cheantair ina bhfuil an tseirbhís lonnaithe.Buntáiste an dátheangachais
Léiríonn taighde idirnáisiúnta go gcabhraíonn an dátheangachas le cumas intleachta agus feasachta an duine. Tá níos mó deiseanna fostaíochta ar fáil do dhaoine atá dátheangach. Méadaíonn an dátheangachas féinmheas agus féinmhuinín an pháiste. De thairbhe an dátheangachais, beidh sé níos éasca ag do pháiste tuilleadh teangacha a fhoghlaim amach anseo. Nuair a bhíonn dhá theanga ar a thoil ag duine, bíonn fáil ag an duine sin ar oidhreacht, litríocht agus ceol na dteangacha sin ón taobh istigh.Gníomhaíochtaí agus acmhainní
Bíonn gníomhaíochtaí ar nós drámaíocht, puipéadóireacht, ceardaíocht, aclaíocht, ceol, amhráin, rannta, scéalaíocht, damhsa agus cuid mhaith eile ar siúl sna seirbhísí leneamhspleáchas, féinmhuinín, misneach agus mórtas cine is ceantair a chothú sa pháiste óg. Ar na hacmhainní a bhfuil fáil orthu, tá trealamh oideachasúil (sa tseirbhís féin agus ó Ionad Bréagán CNNG), lámhleabhair éagsúla (Loinnir, Polasaithe & Nósanna Imeachta, Borradh, Síolta agus Aistear), cúrsaí cáilíochta i gcúram leanaí, cúrsaí inseirbhíse, oiliúint, grúpscéim árachais, cruinnithe tacaíochta agus nuachtlitir rialta.
Ról an tuismitheora
Tá tionchar mór ag an tuismitheoir ar dhearcadh an pháiste i leith na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go dtuigeann an páiste nach amháin go bhfuil an tuismitheoir báúil don teanga ach gur mhaith leo go labhródh an páiste í. Tabharfaidh na seirbhísí gach tacaíocht agus cúnamh do thuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáiste a thógáil le Gaeilge. Nuair a roghnaíonn tuismitheoir a bpáiste a chur chuig seirbhís de chuid CNNG tá siad ag tabhairt an deis don pháiste a gcuid Gaeilge a shaibhriú agus a shealbhú i dtimpeallacht nádúrtha trí mheán an spraoi, na scéalaíochta, na cainte, na geáitsíochta agus na hamhránaíochta.Polasaithe agus Nósanna Imeachta CNNG
Tá Polasaithe agus Nósanna Imeachta cuimsitheach i bhfeidhm i seirbhísí CNNG. Clúdaíonn siad seo gach réimse a bhaineann le luathoideachas, cúram, sláinte, sábháilteacht agus leas an pháiste. Is féidir cóip de na Polasaithe agus Nósanna Imeachta seo a fháil ar iasacht ón tseirbhís.Ar ais go dtí an Barr